Scoileanna
Glasa
Thosaigh ár scoil leis an gclár Scoileanna Glasa i 2004. Ó shin, tá alán oibre déanta againn ar son na timpeallachta.
Fuaireamar bratacha glasa bunaithe ar an obair a rinneamar ar:
Bruscar agus Fuíoll
Fuinneamh
Uisce
Taisteal
Bithéagsúlacht
Saoránacht Domhanda
Faoi láthair táimid ag obair i dtreo ár seachtú mbrat glas. Táimid ag díriú isteach ar an téama: Fuinneamh agus Saoránacht Domhanda. Táimid ag déanamh ár ndícheall chun an méid fuinnimh atá á úsáid againn sa scoil a laghdú agus anuas ar sin, tá pobal na scoile ag foghlaim faoi Shaoránacht Domhanda.
Searmanas na gCrann
Chuaigh an Coiste Glas & Rang 1 go Coillte Bhéal Leice.


Chuir an Coiste Glas crann nua ansin ar son ár scoile.



