top of page

Fáilte

A chairde,


Fáilte go dtí ár suíomh gréasáin. Tá súil againn go mbeidh an suíomh
úsáideach do thuismitheoirí & mar áis chun eolas a roinnt le
cuairteoirí ar spéis leo Gaelscoil na gCeithre Maol.

Ó osclaíodh ár ndoirse i 1998 faoi ​​phátrún an Foras Pátrúnachta, tá
an scoil ag fás agus ag feabhsú. Tá an scoil maoinithe ag an Roinn
Oideachais is Scileanna and leantar Curaclam na Bunscoile.

 

Tá súil againn go gcabhraíonn an suíomh gréasáin seo leat aithne a
chur ar nósanna agus cleachtais Gaelscoil na gCeithre Maol.
Tá súil againn go mbeidh do pháiste an-sásta i nGaelscoil na gCeithre
Maol agus go mbeidh tusa mar thuismitheoir lán-pháirteach i saol na scoile.

Ár Scoil

Stair na Scoile

Bhunaigh dream díograiseach Gaelscoil na gCeithre Maol, daoine le
suim san oideachas trí mheán na Gaeilge agus spéis acu inár gcultúr náisiúnta.

Is bunscoil lán-Ghaeilge í Gaelscoil na gCeithre Maol a osclaíodh go hoifigiúil i Meán Fómhair 1998. Tá 122 dalta sa scoil idir cailíní agus buachaillí.


Tá fás agus forbairt ag teacht ar an scoil gach bliain. Tá clós breá mór lasmuigh den scoil againn, páirc peile agus halla spóirt. Tá go leor seomraí ranga, 2 sheomra tacaíocht foghlama, leabharlann scoile agus seomra ríomhairí.


Faoi láthair, tá seisear múinteoir ranga, beirt mhúinteoir tacaíocht foghlama, beirt chúntóir riachtanais speisialta agus príomhoide riaracháin sa scoil.

Táimid an-bhródúil as cur chun cinn na Gaeilge i mBéal an Átha. Tá sé mar sprioc againn i nGaelscoil na gCeithre Maol, bun-oideachas den chéad scoth a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge do na páistí atá faoinár gcúram.

Instagram

bottom of page