top of page

Scoil Gníomhach

Is Scoil Ghníomhach muid. Bronnadh an Bratach Scoile Gníomhaí orainn mar gheall ar an méid aclaíochta, gníomhaí
spóirt agus obair ghníomhach a bhíonn ar siúl sa scoil. Foghlaimíonn na páistí faoin tábhacht a bhaineann le bheith
aclaí agus folláin. Spreagtar na daltaí chun a bheith gníomhach chomh minic agus is féidir. Déanann gach rang
ceachtanna corp oideachais faoi dhó gach seachtain. Anuas ar sin, tugtar sosanna gníomhacha do na daltaí sna
ranganna agus bíonn deiseanna acu a bheith páirteach i spórtanna éagsúla i rith na bliana, m.sh. peil gaelach, sacar,
iomáint, gleacaíocht, damhsa, srl. Féach ar na grianghrafanna chun sampla de na gníomhaí a fheiceáil.

sxacad.PNG

Is é an aidhm atá leis an bPróiseas Bratach Scoile Gníomhaí ná aitheantas a thabhairt
do scoileanna a dhéanann iarracht pobal a chruthú atá oilte go fisiciúil agus a bhíonn
gníomhach go fisiciúil. 
Moltar gur cheart go mbeadh uair amháin (ar a laghad) de ghníomhaíocht chorpartha
idir measartha agus bríomhar ag páistí gach lá. Ach de réir suirbhé fadaimseartha atá
déanta ag ‘Growing up in Ireland’, ní dhéanann ach páiste amháin as ceathrar atá 9
mbliana d’aois an méid seo.
I mbliana, tá sé mar aidhm againn leibhéal aclaíochta gach páiste a fheabhsú, i
mbealach atá taitneamhach dóibh.  Táimid ag súil leis an mBratach Scoile Gníomhaí a
athnuachan roimh dheireadh na bliana.
Baineann gach dalta taitneamh agus tairbhe as clár leathan corpoideachais de réir
treoirlínte an churaclaim agus oibríonn na múinteoirí as lámha a chéile chun 5 snáith
den churaclam  a chur i bhfeidhm ar bhonn cothrom.

bottom of page