top of page

Brat Buí

sad.PNG

Déanann an tionscnamh ‘Brat Buí’ ceiliúradh ar éagsúlacht sna scoileanna bunleibhéil
agus iarbhunleibhéil.
Is clár praiticiúil scoil-bhunaithe atá ann a chothaíonn timpeallacht dearfach
chuimsitheach ina chuirtear comhionannas agus éagsúlacht chun cinn.
Tá an clár bunaithe ar chur chuige 8 gcéim praiticiúil agus tá sé dírithe ar éachtaí
praiticiúla idirchultúrtha le gradam mar thoradh. Is iad na céimeanna atá i gceist ná:
1. Oiliúint idirchultúrtha agus frithchiníochas don fhoireann agus don bhord
(ceardlann 2 uair an chloig agus tá oiliúnóirí le Gaeilge ar fáil leis na ceardlanna
a dhéanamh le scoileanna agus le tuismitheoirí chomh maith).
2. Ag cothú gaoil leis an bpobal lasmuigh den scoil,
3. Coiste Éagsúlachta a bhunú (baill foirne, tuismitheoirí, daltaí),
4. Ag tabhairt faoi athbhreithniú ar idirchultúrachas,
5. Ag forbairt plean gnímh le haghaidh scoil a cheiliúrann éagsúlacht,
6. Monatóireacht, measúnú agus scaipeadh eolais,
7. Obair churaclaim, agus
8. Forbairt cód ar éagsúlacht.
Táimid ag obair go dian dícheallach chun Brat Buí a bhaint amach dár scoil i mbliana.
Bunaíodh Coiste Ilchineálachta anuraidh chun ár n-iarrachtaí chuige seo a stiúradh.
Tá daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí ag déanamh tréaniarrachta cuimsiú a chur
chun cinn agus ilchineálacht a cheiliúradh mar chuid den tionscnamh seo ó shin i leith,
agus sinn go léir ag obair as láimh a chéile. Is féidir tuilleadh eolais faoin gclár seo a
fháil ón suíomh gréasáin http://yellowflag.ie/
Rinne an Coiste Ilchineálachta suirbhé mar chuid dár nAthbhreithniú Idirchultúrtha.
Baineadh úsáid as na freagraí a fuaireamar chun Plean Gníomhaíochta a chur le chéile
d’fhonn cabhrú linn saol na scoile a fheabhsú.
Táimid thar a bheith mórtasach as an obair iontach atá ar bun ag leanaí, ag
tuismitheoirí agus ag múinteoirí na scoile go léir chun an Plean Gníomhaíochta seo a
chur i bhfeidhm agus sinn ar thóir an Bhrait Bhuí!
D’fhreastal múinteoirí na scoile go léir ar cheardlann mar gheall ar Fheasacht ar
Ilchineálacht agus ar Chomhionannas anuraidh.
Tá roinnt gníomhaíochtaí beartaithe againn don bhliain atá romhainn.

bottom of page