top of page

AE - PNTA - An Deighilt Dhigiteach

Tá maoiniú faighte ag Gaelscoil na gCeithre Maol trí Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta an Aontais Eorpaigh chun aghaidh a thabhairt ar an deighlit dhigiteach.

D'fhorbair an Rialtas an Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (NRRP) agus éascaíodh é trí rochtain ar mhaoiniú Téarnaimh & Athléimneachta an AE.

 

Is é aidhm an mhaoinithe seo cabhrú leis an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinne an paindéim a dheisiú agus ullmhú d’Eoraip iar-Covid níos glaise, lena n-áirítear digitiú feabhsaithe, atá níos athléimní agus níos oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar an todhchaí.

 

Tá an maoiniú seo dírithe go sonrach ar thacú le foghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais de bharr easpa rochtana ar theicneolaíocht dhigiteach.

Leis an aidhm seo san áireamh tá Gaelscoil na gCeithre Maol ag baint leasa as an deontas a fuaireamar chun cur leis na acmhainní dhigiteach dár bhfoghlaimeoirí go léir.

 

Tá sé mar aidhm againn an Teicneolaíocht Dhigiteach a leabú inár dteagasc agus inár bhfoghlaim ar fud na scoile chomh maith.

Leis an deontas a fuair Gaelscoil na gCeithre Maol ón gciste seo, cheannaigh ár scoil deich ríomhaire glúine nua agus tralaí luchtaithe. Tacaíonn na ríomhairí glúine le foghlaimeoirí atá i mbaol míbhuntáiste oideachais mar thoradh ar an deighilt dhigiteach trí rochtain a thabhairt dóibh ar threalamh TF nach mbeadh acu murach é.

Tá sé mar aidhm againn an Teicneolaíocht Dhigiteach a leabú inár dteagasc agus inár bhfoghlaim ar fud na scoile chomh maith.

 

Mar chuid dár bplean litearthachta digití foriomlán chinneamar ar na rudaí is oiriúnaí dár riachtanais.

Chloígh gach rud a cheannamar le Nósanna Imeachta Soláthair Phoiblí.

Cheannaíomar 20 ríomhairí glúine nua agus tralaí luchtaithe. Rinneamar uasghrádú ar  cláir bhána agus teilgeoirí i 3 seomraí ranga go painéil chliste agus cheannaigh muid 4 ríomhaire glúine do mhúinteoirí.

bottom of page