top of page

Riachtanais Speisialta

Tá sé mar sprioc againn a chinntiú go mbaineann gach páiste sa scoil a lánacmhainneacht amach. Faigheann siad an t-oideachas is fearr trí mheán na Ghaeilge bunaithe ar a b(h)uanna agus ar a c(h)umais féin.
Faigheann ár scoil na tacaíochtaí céanna le scoileanna eile maidir le soláthar CRS, múinteoirí oideachas speisialta agus aonaid oideachais speisialta.
De thoradh éileamh mór, bímid ag cur le soláthar na n-aonad speisialta gach bliain. Tá sé léirithe ag taighde le fada an lá go ndéanann an timpeallacht lán-Ghaeilge/tumoideachais maitheas d’fhorbairt agus d’fhoghlaim an pháiste agus nach mbíonn siad thíos leis.
Faigh tuilleadh eolais, acmhainní is ceisteanna coitianta ag www.gaeloideachas.ie

bottom of page