top of page

Scoileanna Glasa

Thosaigh ár scoil leis an gclár Scoileanna Glasa i 2004. Ó shin, tá alán oibre déanta againn ar son na timpeallachta.
Fuaireamar bratacha glasa bunaithe ar an obair a rinneamar ar:
Bruscar agus Fuíoll
Fuinneamh
Uisce
Taisteal
Bithéagsúlacht
Saoránacht Domhanda – Bruscar & Fuíoll

Faoi láthair táimid ag obair i dtreo ár seachtú mbrat glas. Táimid ag díriú isteach ar an téama: Fuinneamh agus Saoránacht Domhanda. Táimid ag déanamh ár ndícheall chun an méid fuinnimh atá á úsáid againn sa scoil a laghdú agus tá pobal na scoile ag foghlaim faoi Shaoránacht Domhanda freisin. Anuas ar sin, leanaimid ar aghaidh leis na gníomhaí a thosaíomar sna téamaí eile ar nós athchúrsáil, ag bailiú bruscar ón
gclós agus ag tacú leis an mbithéagsúlacht, srl.

Gáirdín na Scoile

Táimid an-bhródúil as Gairdín na Scoile a thosaigh mar thionscnamh Scoileanna Glasa. Fuairemar deontas agus cabhair ó Oirthuaisceart Mhaigh Eo chun tús a chur leis. Cuireann sé go mór leis an scoil ag tairiscint oideachas timpeallachta lasmuigh do chuile pháiste, ag saothrú an bhithéagsúlacht agus ag neartú nascanna leis an bPobal i gcoitinne. Oibríonn Múinteoir Arlene go síoraí chun an gairdín a chaomhnú agus a chur chun cinn i gcomhar leis na daltaí, tuismitheoirí agus le tacaíocht ó Ghrúpa Phobail Bhéal an Átha.

bottom of page