top of page

Teagmháil Baile, Scoile agus Phobail

Dia dhaoibh go léir!

Fáilte chuig leathanach na comhordaitheoirí teagmhála baile, scoile agus an phobail. Is muidne Regina agus Cathy agus táimíd ag obair mar Mhúinteoirí Chaidrimh Bhaile anseo i nGaelscoil na gCeithre Maol. Leis an ról atá againn bímíd i dteagmháil le tuismitheoirí, múinteoirí agus lucht an cheantair.

Is é an aidhm atá againn ná tacaíocht a thabhairt daoibh go léir chun cinnte a dhéanamh go mbeidh bhur gcuid paistí sona sásta agus ag foghlaim anseo i nGaelscoil na gCeithre Maol.

Seo iad na haidhmeanna atá leis an scéim caidrimh ná:

  • Go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag páistí sa phroiséas foghlama, go háirithe na páistí siúd atá i gcontúirt teipeadh

  • Comhoibriú gníomhach a chothú idir an baile, an scoil agus na heagraíochtaí pobail ábhartha, chun cúrsaí oideachais na bpáistí a chur chun cinn

  • A mheabhrú do thuismitheoirí go bhfuil sé de chumas iontu féin cur le dul chun cinn oideachasúil a bpáistí agus cuidiú leo na scileanna cuí a fhorbairt

  • Cur leis an tairbhe a bhaineann páistí as an oideachas agus leis an tréimhse a chaitheann siad sa chóras oideachais, cur leis an seans go leanfaidh siad ar aghaidh leis an oideachas nuair nach mbíonn sé eigéanntach agus go rachaidh siad ar aghaidh chuig an dara agus tríú leibhéal agus meon dearfach a chothú iontu maidir le h-oideachas ar feadh a saoil.

  • Go scaipfí na torthaí deimhneacha a bhíonn ar an scéim, tríd an gcóras scoile i gcoitinne.

Mar chuid den ról sa scoil bímíd:

  • Cuairteanna Baile: Tugann an comhordaitheoir cuairt ar theaghlaigh.

  • Cúrsaí do thuismitheoirí/caomhnóirí: Eagraítear cúrsaí éagsúla do thuismitheoirí/caomhnóirí idir chúrsaí acadúla, cúrsaí siamsaíochta agus ceardlanna a bhfuil suim ag tuismitheoirí iontu.

  •  Ag spreagadh tuismitheoirí / caomhnóirí a bheidh páirteach in oideachas a pháiste.

  • Ag spreagadh gaol níos fearr idir tuismitheoirí.caomhnóirí, an fhoireann scoile agus an pobal áitiúil.

  • Ag spreagadh agus ag tabhairt muinín do thuismitheoirí/ caomhnóirí páirt a ghlacadh in imeachtaí ranga  i rith an lae scoile, mar shampla Shared Reading, Maths for Fun, agus cláir  eile le béim ar an litríocht agus uimhreas.

Táimíd ar fáil sa scoil ar an Máirt, an gCéadaoin agus Déardaoin. Freisin, is féidir dul i dteagmháil ar uimhir fón an múinteoir caidreamh baile: Regina – 085 8775238  & Cathy – 085 800 1148   

 Táimíd ag súil leis an obair iontach a bheas a dhéanamh againn amach anseo.

Le meas,   ​

Regina & Cathy

bottom of page