top of page

Club Iarscoile

Bíonn Club Iarscoile againn sa scoil ó Luan go hAoine i rith an téarma scoile.
• Osclaíonn an club ó 1.20 & dúnann sé ag 4:20pm.
• Tá an club á reáchtáil ag cleachtóir cúram leanaí láncháilithe. Tá a lántaithí aici agus tá
sí fostaithe ag an scoil.
• Ritheann an tseirbhís ar ár laethanta scoile amháin.
• Toisc go gcuirtear béile te ar fáil níos luaithe i rith an lae scoile do gach páiste ní
chuirfear ar fáil ach sneaiceanna (torthaí, iógart, ceapaire srl.) san tráthnóna.
• Déantar maoirsiú ar an obair bhaile scríofa más gá.
• Beidh raon gníomhaíochtaí ar siúl i rith na seachtaine (difriúil gach lá). Féadfaidh
siad seo a bheith éagsúil ag brath ar spéiseanna agus scileanna na bpáistí – Ealaín,
Corpoideachas, Drámaíocht, cluichí boird, léamh, ceol, rince, saorshúgradh, súgradh
eagraithe, LEGO, srl.

bottom of page