top of page

Ag Foghlaim trí Ghaeilge

Tá sé mar aidhm againne, luath líofach sa Ghaeilge a chur ar fáil tríd an córas
Tumoideachais. Úsáidtear Gaeilge go leanúnach, i gnáth cúrsaí an lae agus le linn obair ranga ionas go bhfástar tuiscint agus líofacht. Cuirtear béim ar leith ar Chultúr na Gaeilge le rince, ceol, cluichí agus oidhreacht.

Tuigimid nach mbeidh sé mar thaithí ag roinnt páistí  Gaeilge a labhairt sula dtosaíonn siad ar scoil. Cé gur buntáiste é, níl sé riachtanach in aon chor go mbeadh tuismitheoirí líofa sa Ghaeilge. Go deimhin, ní bhíonn sé de chumas ag tromlach tuistí Gaelscoile na tíre Gaeilge a labhairt, rud nach gcuireann srran ar chumas na bpáistí foghlaim trí Ghaeilge.

ga-removebg-preview.png
bottom of page