top of page

Comhairle na nDaltaí

Tá comhairle na ndaltaí ann chun smaointí na ndaltaí a chur faoi bhráid na bainistíochta, le dul i gcomhairle leo sula gcuirtear polasaithe nua i bhfeidhm, chun tacú le polasaithe nua a fhorbairt sa scoil, le bheith mar áis chun oibriú i gcomhpháirtíocht le bainistíocht na scoile, chun atmaisféar dearfach, coinníollacha agus áiseanna na scoile a fheabhsú, chun dalta a spreagadh le bheith freagrach, muiníneach agus aireach, chun meas, dílseacht agus bród na ndaltaí sa scoil a chothú agus chun dea-chaidreamh a dhéanamh idir dhaltaí, an fhoireann agus an bhainistíocht.

Bíonn beirt pháiste ó rang 3 go rang 6 ar an gComhairle.

Cabhraíonn siad le scaipeadh eolais i measc phobal na scoile, idir dhaltaí, fhoireann agus
thuismitheoirí.

bottom of page