top of page

Teagmháil Baile, Scoile agus Phobail

Aithnítear inár scoil gurb iad tuismitheoirí príomh oideachasóirí a bpáistí.  Tá sé seo curtha chun cinn trí chomhpháirtíocht éifeachtach ina bhfuil meas, iontaobh, dea chaidreamh, maraon le fís comhroinnte, a thiocfaidh forbairt dá réir ar an leanbh.

Is í Nóírin Bhreathnach ár dteagmhála Caidrimh Bhaile Scoile anseo i nGaelscoil na gCeithre Maol. Leis an ról atá aicí, beidh ís i dteagmháil le tuismitheoirí, múinteoirí agus lucht an cheantair áitiúla. Is é an aidhm atá aici ná tacaíocht a thabhairt daoibh go léir chun cinnte a dhéanamh go mbeidh bhur gcuid paistí sona sásta anseo sa Ghaelscoil. Is é an príomhról atá aici ná naisc idir an baile, an scoil & an pobal a chruthú & a  neartú.

 

Seo iad na haidhmeanna atá leis an scéim caidrimh ná:

  • Go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag páistí sa phroiséas foghlama, go háirithe na páistí siúd atá i gcontúirt teipeadh

  • Comhoibriú gníomhach a chothú idir an baile, an scoil agus na heagraíochtaí pobail ábhartha, chun cúrsaí oideachais na bpáistí a chur chun cinn

  • A mheabhrú do thuismitheoirí go bhfuil sé de chumas iontu féin cur le dul chun cinn oideachasúil a bpáistí agus cuidiú leo na scileanna cuí a fhorbairt

  • Cur leis an tairbhe a bhaineann páistí as an oideachas agus leis an tréimhse a chaitheann siad sa chóras oideachais, cur leis an seans go leanfaidh siad ar aghaidh leis an oideachas sa dara leibhéal agus meon dearfach a chothú iontu maidir le h-oideachas ar feadh a saoil.

  • Go scaipfí na torthaí deimhneacha a bhíonn ar an scéim, tríd an gcóras scoile i gcoitinne.

Mar chuid den ról:

  • Cuairteanna Baile: Tugann an comhordaitheoir cuairt ar theaghlaigh nuair is féidir. 

  •  Cúrsaí do thuismitheoirí/caomhnóirí: Eagraítear cúrsaí éagsúla do thuismitheoirí/caomhnóirí idir chúrsaí acadúla, cúrsaí siamsaíochta agus ceardlanna a bhfuil suim ag tuismitheoirí iontu. 

  •  Ag spreagadh tuismitheoirí / caomhnóirí a bheidh páirteach in oideachas a pháiste.

  •  Ag spreagadh gaol níos fearr idir tuismitheoirí.caomhnóirí, an fhoireann scoile agus an pobal áitiúil.

  • Ag spreagadh agus ag tabhairt muinín do thuismitheoirí/ caomhnóirí páirt a ghlacadh in imeachtaí ranga  i rith an lae scoile, mar shampla Maths for Fun, agus cláir  eile le béim ar an litríocht agus uimhreas.

Tá Nóirín ar fáil sa scoil gach Luan, Déardaoin & Aoine. Freisin, is féidir dul i dteagmháil léi ar 085 8775238

bottom of page